D’ullmhaigh EY sraith tuarascálacha, lena náirítear:
- Anailís ar bhearnaí a aithníonn réitigh reatha, deiseanna sa todhchaí agus bearnaí in úsáid IS don Ghaeilge san earnáil phoiblí.
- Cás gnó d’infheistíocht spriocdhírithe a leagann béim ar an deis don earnáil phoiblí leas a bhaint as uirlisí IS i nGaeilge.
Chun luach agus cumas IS sa Ghaeilge a léiriú, forbraíodh cruthúnas coincheapa a léirigh go bhféadfadh an teicneolaíocht tacú go héifeachtach le tionscnaimh Ghaeilge trí uirlis idirghníomhach cumarsáide a fhorbairt do shaoránaigh.
Treochlár Straitéise Margaidh:
Rinneadh na deiseanna a aithníodh a chomhdhlúthú chun treochlár a fhorbairt le haghaidh uirlisí teanga-go-teanga a chruthú, a chuirfeadh ar chumas úsáideoirí labhairt le huirlis IS trí Ghaeilge. Áirítear sa treochlár seo achoimre ar na teicneolaíochtaí comhpháirteacha agus na samhlacha IS atá riachtanach chun cumais teanga-go-teanga sa Ghaeilge a bhaint amach, chomh maith leis na hamlínte seachadta atá riachtanach chun gach ceann de na teicneolaíochtaí aonair sin a chur ar fáil.
Cruthúnas Coincheapa:
Léirigh an cruthúnas coincheapa conas ar féidir teicneolaíochtaí IS a úsáid san fhíorshaol agus, dá bhrí sin, bhí sé ina acmhainn luachmhar a léirigh an deis maidir le tionscnaimh Ghaeilge IS san earnáil phoiblí. Léirigh taispeántas praiticiúil, ag baint úsáide as LLM, cumas IS chun eolas maidir le tacaíochtaí gnó ón Mol Fiontair Náisiúnta a chur ar fáil go hidirghníomhach trí Ghaeilge. Ar an gcomhéadan tosaigh den bhota comhrá, cuireadh rogha teanga ar fáil chun deis a thabhairt don úsáideoir aistriú idir an Ghaeilge agus an Béarla. Cé go bhfuil an bota comhrá féin oilte ar ábhar Béarla chun cumarsáid a dhéanamh i mBéarla, tugann an ciseal breise atá forbartha mar chuid den togra seo cumas Gaeilge don bhota. Faoi láthair, tá go leor eagraíochtaí in Éirinn, idir phoiblí agus phríobháideach, ag úsáid botaí comhrá IS chun idirghníomhú le saoránaigh agus le cliaint. Mar sin féin, tá cumas áiseanna i nGaeilge i measc na bpríomhsholáthraithe teicneolaíochta teoranta. Mar thoradh air sin, níl ach fíorbheagán botaí chómhrá ar fáil i nGaeilge. Ní hamháin go mbíonn tionchar aige seo ar úsáid na Gaeilge in Éirinn, ach cruthaíonn sé freisin leibhéal níos ísle tacaíochta do chustaiméirí ag éileamh seirbhís trí Ghaeilge.
Chabhródh an bota comhrá a dhear EY le heagraíochtaí eile botaí comhrá a chruthú a aistríonn a n-ábhar ó Bhéarla go Gaeilge.
Buntáistí
Agus ÚnaG ag fiosrú na mbuntáistí féideartha a bhaineann le cur chun cinn na Gaeilge trí forbairtí IS, tháinig roinnt buntáistí chun cinn a d’fhéadfadh feabhas a chur ar oibleagáidí teanga a chomhlíonadh agus ar úsáid laethúil na Gaeilge araon.